Is fiú os cionn €136m an Ghaeilge do Ghaillimh
Scríofa ag Róisín Ní Fhlatharta A.C.A
Click here to read this article in English.
Seachtain na Gaeilge 2023 atá ann (18 lá atá ann i ndáiríre – ach sin scéal eile), agus is fiú mar is féidir leis an nGaeilge tionchar dearfach a bheith aici ar do ghnólacht a fhiosrú.
Dílseacht Bhranda
D’fhoilsigh Gaillimh le Gaeilge tuarascáil cúpla bliain ó shin inar léiríodh gurbh fhiú níos mó ná €136m sa bhliain an Ghaeilge do Ghaillimh agus chuaigh €46m den airgead sin chun tairbhe na cathrach.
Ceann de na príomhthorthaí a bhí ann ná gur saothraíodh ioncam ón dílseacht bhranda trí ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní hiad custaiméirí as an nGaeltacht amháin a bhí ag déanamh a ngnó trí Ghaeilge, bhí cliaint eile i gceist freisin, turasóirí ina measc.
Is éard a dúirt Kenneth Walsh ó Food for Thought sa chathair “baintear leas níos fearr as an nGaeilge nuair a chuirtear comharthaí ar fáil i nGaeilge agus nuair a labhraítear cúpla focal Gaeilge leis na custaiméirí.
Is dílis a bheidh na custaiméirí a úsáideann an Ghaeilge agus beidh siad ina n-urlabhraithe iontacha do do ghnólacht.”
Is cuid thábhachtach den saol í an Ghaeilge i gcontae agus i gcathair na Gaillimhe – an t-aon chathair dhátheangach in Éirinn – agus leis sin cuirtear deis bhrandála ar leith ar fáil do ghnólachtaí a ghlacann leis an nGaeilge, fiú ar bhealach beag.
“Tá an-tóir ar an nGaeilge i measc turasóirí freisin,” a dúirt Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge.
“Is mar gheall go n-úsáidtear an Ghaeilge gach lá i nGaillimh san earnáil miondíola agus fáilteachais agus sna háiteanna cultúir a bhfuil tóir ag turasóirí orthu go bhfuil an contae agus an chathair seo éagsúil ó chinn scríbe eile agus cuireann sin béim ar shainiúlacht chultúr na hÉireann. Cuireann sé go mór le heispéireas na gcuairteoirí rud a fhágann nach ndéanfaidh siad dearmad air.”
Áirítear ar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh – gradam bliantúil d’eagraíochtaí a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn i nGaillimh – tá cliaint DHKN Big O Taxis agus The King’s Head.
Deireann íar-chataoirleach le Big O Taxis, Frank Fahy: “Cathair dhá theangach í Gaillimh. Tá sé go híontach go bhfuíl ár dteanga fhéin againn. Taithníonn sé go mor le na turasóirí cúpla focal a fhoghlaim sa tacsaí. Ár dteanga, ár nduchas.”
Ionchuimsitheacht agus Meas
Nuair a úsáidtear an Ghaeilge tá i bhfad níos mó i gceist ná maitheas a dhéanamh don ghnólacht, baineann sé le hionchuimsitheacht agus meas freisin. Bíonn go leor daoine de bhunadh na Gaeltachta níos mó ar a gcompord nuair a labhraíonn siad a dteanga laethúil agus beidh meas acu ar na daoine sin a dhéanann iarracht Gaeilge a labhairt leo.
“Tá meas ar cheann de na príomhluachanna atá againn agus treisítear an luach sin nuair a bhíonn muid i dteagmháil le cainteoirí dúchais Gaeilge,” a dúirt Colette Coughlan ó Cope Galway, carthanas a thacaíonn le daoine gan dídean, daoine scothaosta agus daoine a tháinig slán as drochíde sa teaghlach.
Cothaíonn sí an cultúr, an éagsúlacht agus an ionchuimsitheacht atá le brath agus atá mar bhonn taca ag gach a ndéanann muid.
Bealach iontach spraíúil a bhí ann obair a dhéanamh leis na baill foirne ar fud na heagraíochta, go leor acu nár tógadh in Éirinn.”
Bain triail aisti
Níl aon duine ag súil go n-athróidh gnólacht in aon oíche amháin go dtí eagraíocht a úsáideann Gaeilge go líofa i ngach a ndéanann siad.
Ach chuirfeadh sé iontas ort an méid ar féidir a bhaint amach nuair a dhírítear de bheagán uirthi agus nuair a dhéantar iarracht ina leith, agus meallfaidh sí comhghleacaithe agus custaiméirí araon.
Léirigh Paul Mescal dúinn le déanaí nach gcaithfidh Gaeilge líofa a bheith agat agus nach gcaithfidh tú a bheith compordach í a labhairt fiú. Níl ort ach triail a bhaint aisti!
Bain triail aisti!